Impact & Opinions | Tionchar & Tuairimí

Meaisínaistriúchán Néarach – Deis agus Dúshlán i gComhthéacs Ollscoile
edition-image
AI & Human Creativity

Meaisínaistriúchán Néarach – Deis agus Dúshlán i gComhthéacs Ollscoile

16 December 21
 | 
0
(0)
 STARS
 | 14 MINS

Tá úsáid teangacha sa réimse digiteach thar a bheith tábhachtach – teangacha nach mbeidh lánpháirteach sa réimse sin, tá an baol ann go rachaidh siad ar gcúl. The use of languages ​​in the digital realm is extremely important – languages not embracing the digital revolution are in danger of decline.

Tá úsáid teangacha sa réimse digiteach thar a bheith tábhachtach – teangacha nach mbeidh lánpháirteach sa réimse sin, tá an baol ann go rachaidh siad ar gcúl. Déantar an chomparáid uaireanta idir an méid atá ag titim amach anois agus cás na dteangacha le réabhlóid chlódóireachta sa 15ú agus sa 16ú céad – an chaoi ar éirigh le teangacha áirithe dul chun cinn sa phróiseas sin agus teangacha eile ag titim siar. Inár gcás féin in Éirinn, is den tábhacht é go bhfuil an Ghaeilge lánpháirteach in an oiread gnéithe agus is féidir den réimse digiteach le go mbeidh rath uirthi mar theanga nua-aimseartha.

The use of languages ​​in the digital realm is extremely important – languages not embracing the digital revolution are in danger of decline. Comparisons are sometimes made with the printing revolution of centuries ago – how some languages ​​flourished in that process while others declined by not embracing it. In our case in Ireland, it is vital that the Irish language is integrated into as many aspects of the digital world as possible in order for it to thrive as a modern language.

Gné amháin den réabhlóid dhigiteach atá faoi lán seoil is ea an meaisínaistriúchán. Is éard atá i gceist le meaisínaistriúchán an próiseas trína mbaintear úsáid as intleacht shaorga (AI) chun téacs a aistriú go huathoibríoch ó theanga amháin go teanga eile gan ionchur daonna. Is é sin le rá, is clár ríomhaire a aistríonn an téacs – go neamhspleách ar aistritheoir daonna. Sna 1950idí a rinneadh na chéad turgnaimh ar an aistriúchán uathoibríoch seo, ach is le fiche bliain anuas a rinneadh forbairt cheart air.

Cineálacha meaisínaistriúcháin  

Tá cineálacha éagsúla meaisínaistriúcháin ann:

Meaisínaistriúchán riailbhunaithe: Cruthaíonn teangeolaithe algartaim (tacair mhóra rialacha) atá bunaithe ar ghramadach, comhréir, ord focal agus frásaíocht an dá theanga. Ansin próiseáiltear téacs trí na halgartaim sin agus aistrítear go dtí an sprioctheanga é. Tá an meaisínaistriúchán riailbhunaithe ag dul i léig anois le tamall.

Meaisínaistriúchán staitistiúil: Déantar anailís, bunaithe ar dhóchúlacht staitistiúil, ar mhéideanna ollmhóra aistriúchán atá le fáil i gcorpais ilteangacha. Déantar abairtí a bhriseadh suas ina bhfrásaí, na píosaí a aistriú, ansin déantar iarracht na haistriúcháin sin a chur ar ais le chéile. Bíonn na milliúin focal de dhíth chun inneall éifeachtach aistriúcháin a oiliúint i réimse amháin – ach is féidir leis na torthaí a bheith measartha maith, go háirithe i dtéacsanna teicniúla nó eolaíochta.

Meaisínaistriúchán néarach: Fearacht an mheaisínaistriúcháin staitistiúil, baintear leas as tacar ollmhóra sonraí d’abairtí aistrithe chun bogearraí ‘a thraenáil’ chun an t-aistriúchán is fearr a ullmhú. Ach sa chás seo bíonn líonra néarach an ríomhchláir freagrach as an mbuntéacs i dteanga amháin a ionchódú agus a dhíchódú. Déanann an líonra néarach abairtí iomlána a mheas agus aistriúcháin a thuar; cuirtear an comhthéacs ina n-úsáidtear gach focal, frása agus abairt iomlán sa bhunteanga san áireamh ag gach céim den phróiseas agus an abairt aschuir á giniúint.

Tá an meaisínaistriúchán néarach tagtha chun cinn go mór le cúig bliana anuas agus é in úsáid ag roinnt de mhórghnólachtaí tráchtála an domhain – Google, Amazon agus Microsoft ina measc.

Machine translation (MT) – the use of artificial intelligence (AI) to automatically translate text from one language to another without human input – is one aspect of the ongoing digital revolution. The earliest developments came in the 1950s, but it has only really taken off in the last two decades, with neural machine translation (NMT) being at the forefront since 2016, being embraced by industry giants such as Google, Amazon and Microsoft.

Cruinneas an mheaisínaistriúcháin néaraigh

Braitheann a fheabhas a éiríonn leis an meaisínaistriúchán néarach ar nithe éagsúla – an t-inneall aistriúcháin a roghnaítear, an dá theanga atá idir lámha, an méid sonraí teanga atá ar fáil don inneall, agus an cineál téacs atá á aistriú. Dá mhéad é an corpas aistriúcháin atá ar fáil don inneall le haghaidh fearann ​​nó teanga ar leith, is amhlaidh is airde a bheas caighdeán an aschuir – beidh an t-inneall in ann comhthéacs níos leithne na bhfocal agus na bhfrásaí a thuiscint chun aistriúcháin níos cruinne agus níos líofa a tháirgeadh agus a fheabhsú le himeacht ama.  

Tá an meaisínaistriúchán néarach éifeachtach go háirithe ó thaobh téacsanna a chaithfidh a bheith an-bheacht agus a mbíonn a lán athrá iontu freisin e.g. lámhleabhair, téacsanna reachtaíochta agus dlí, treoracha teicniúla, nó cineálacha eile ábhar tagartha.  

Ar ndóigh, níl an meaisínaistriúchán néarach gan locht. Tarlaíonn sé uaireanta go ngintear earráidí suntasacha nach ndéanfadh aistritheoir daonna choíche, mar shampla focail a fhágáil ar lár agus ainmneacha dílse nó téarmaí neamhchoitianta a aistriú, agus abairtí a aistriú ina n-aonar seachas comhthéacs iomlán an téacs a thabhairt san áireamh.

Meaisínaistriúchán agus an Ghaeilge

Agus innill mheaisínaistriúcháin á bhforbairt, is gnách go mbíonn teangacha neamhfhorleathana atá ar bheagán acmhainní (i gcomparáid leis na mórtheangacha) faoi mhíbhuntáiste: de bharr sonraí teanga a bheith tearc, is mó an dúshlán a bhaineann le samhlacha láidre meaisínaistriúcháin a fhorbairt sna teangacha neamhfhorleathana.

Ach tá iarrachtaí ar bun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin i gcás na Gaeilge. Tá Seirbhís Aistriúcháin na hOllscoile ag cuidiú le hiarrachtaí thionscadal ELRI (European Language Resource Infrastructure) faoin gclár Eorpach Connecting Europe Facility (CEF). Faoin tionscadal sin, tá ollchorpas de théacsanna aistriúcháin Béarla-Gaeilge á thiomsú de réir a chéile ó eagraíochtaí san earnáil phoiblí ar mhaithe le hinnill éifeachtacha meaisínaistriúcháin néaraigh a chruthú don Ghaeilge; tá an tSeirbhís Aistriúcháin ar cheann de na dreamanna is bisiúla san earnáil phoiblí a chuireann téacsanna dátheangacha i bhformáid TMX ar fáil go rialta. De thoradh na hoibre sin, táthar ag cur le hacmhainneacht na Gaeilge ar chóras eTranslation – mórchóras meaisínaistriúcháin an Aontais Eorpaigh, atá ar fáil don phobal agus é ina chabhair mhór cheana féin don aos aistriúcháin. Dá bhrí sin, is féidir a rá go bhfuil custaiméirí na Seirbhíse Aistriúcháin ag cur le húsáid na Gaeilge san Ollscoil, agus anuas air sin go bhfuil siad ag cuidiú go hindíreach le leathnú agus buanú na Gaeilge sa réimse digiteach agus mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

Lena chois sin, de thoradh obair a rinne foireann Sheirbhís Aistriúcháin na hOllscoile faoin tionscadal Eorpach PRINCIPLE i gcomhar le comhpháirtithe seachtracha, forbraíodh inneall meaisínaistriúcháin néaraigh go speisialta don Ollscoil seo ag deireadh 2020, agus tá sé sin in úsáid ó shin sa tSeirbhís Aistriúcháin le haghaidh gnéithe dá cuid oibríochtaí.

NUI Galway’s Translation Service is actively involved in developments in this area as one of the major public service contributors to the Irish National Relay Station developed within the ELRI European Project, where large-scale language resources are compiled, contributing to enhanced Irish-language capacity in the EU’s eTranslation tool. We have also been involved in the development of a dedicated NMT engine which is now used in some the Translation Service’s operations.

Meaisínaistriúchán amach anseo 

Níl amhras ach go bhfuil an-ghealladh faoin meaisínaistriúchán néarach, agus gur ag dul i bhfeabhas a bheidh sé de réir mar a fhorbrófar an intleacht shaorga tuilleadh. Mar sin féin, is ar éigean a thiocfaidh deireadh le ról an aistritheora dhaonna. Tá cineálacha áirithe ábhar agus stíleanna cumarsáide ann a mbíonn deacrachtaí ag an meaisínaistriúchán néarach leo agus is dóigh go mbeidh na deacrachtaí sin ann go ceann i bhfad. Os a choinne sin, tig le haistritheoirí daonna a bheith ar fheabhas ag aistriú na dtéacsanna sin. Agus fiú i gcás na dtéacsanna is mó a bhfeileann an meaisínaistriúchán néarach dóibh (téacsanna teicniúla etc.), beidh aistritheoirí daonna ag teastáil chun iareagarthóireacht a dhéanamh orthu. Is amhlaidh a bheidh aistritheoirí oilte agus an meaisínaistriúchán ag obair as lámha a chéile.

Dúshláin sa teagasc ollscoile 

Is mór i gceist le tamall úsáid an mheaisínaistriúcháin i gcláir léinn aistriúcháin agus teanga sna hollscoileanna. Agus bunscileanna aistriúcháin agus teanga á dteagasc againn, bíonn orainn fainic a chur ar na mic léinn (ar mhaithe lena bhfoghlaim féin) gan géilleadh don chathú inneall aistriúcháin ar nós Google Translate a úsáid ina gcuid measúnuithe etc. Ach an bhfuilimid ag druidim leis an lá a mbeidh úsáid na n-inneall meaisínaistriúcháin néaraigh ina cuid dhílis den teagasc a dhéantar ar chláir léinn aistriúcháin anseo agus in ollscoileanna eile – agus mic léinn á n-oiliúint againn go príomha sna scileanna iareagarthóireachta a ghabhann le húsáid na n-inneall sin sa saol oibre? Níl freagra soiléir ar an gceist sin go fóill, ach is cinnte gur ceist í atá le plé.

While the evolution of MT offers substantial opportunities, it also poses questions in third level translation and language programmes. In teaching core translation and language skills, the use of MT technology by students has generally had to be curbed, for the sake of their own learning. But are we approaching the day when the use of MT will become an integral part of the teaching of translation studies programmes here and in other universities? Is training students primarily in the post-editing skills associated with use of MT in the working environment the way forward? While there are no clear answers yet to these questions, they are certainly having to be confronted as the accuracy of and access to MT resources increases year by year.

Profiles

profile-photo
Eoin Ó Droighneáin

Eoin Ó Droighneáin Riarthóir an Aonaid Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann Gaillimh (Translation Unit Administrator at NUI Galway).

RATE

0 / 5. Vote count: 0

Discover More
edition-image
SDG Champion

Focal ón Uachtarán

Keep up to date on the latest from us straight to your inbox

Privacy policy